Litir Oscailte chuig Enda Kenny: “An Córas Sláinte Briste seo”
le Reinhard Schaler
An Taoiseach
Enda Kenny, T.D
Roinn an Taoisigh
Foirgnimh Rialtais
Sráid Mhuirfean Uachtarach
Baile Átha Cliath 2
Litir Oscailte
1 Márta 2014
A Thaoisigh, a chara,
Is muidne tuismitheoirí Phádraig Schäler. Tá Pádraig 23 bliana d’aois agus bhí sé díreach críochnaithe ag staidéar i gColáiste na Tríonóide nuair a chuaigh sé chuig na Stáit Aontaithe ar víosa J1. Ar an 27 Meitheamh 2013, agus é ag rothaíocht chuig a ionad oibre ag a 10 rn ar maidin ar bhóthar cúng tuaithe in Cape Cod, MA, SAM, bhuail veain é agus fágadh i gcóma é. Tógadh é chuig ospidéal Cape Cod mar a ndearnadh obráid éigeandála air. Dhá sheachtain go leith níos déanaí thóg muid ar ais go Baile Átha Cliath é in aerárthach othar.
Ceithre mhí ina dhiaidh sin, nuair a fuair muid amach go dtógfadh sé beagnach bliain chun leaba a fháil dó san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin (National Rehabilitation Hospital), rinne muid an cinneadh é a thógáil go dtí an Ghearmáin. Is é an NRH an t-aon ospidéal athshlánúcháin atá in Éirinn agus is é an t-aon áit sa tír ina bhféadfadh Pádraig an cúram agus an cóir leighis atá de dhíth air a fháil. Níl ach trí leaba san NRH, áfach, d’othair a bhfuil a mhacasamhail de ghortú orthu is atá ar Phádraig. Cé go dtógfadh sé beagnach bliain leaba a fháil do Phádraig san NRH, ní bheadh sé in ann an leaba sin a choimeád níos mó ná trí mhí ar an uasmhéid. Sa Ghearmáin, áfach, gheobhadh sé an cúram cuí láithreach. Ní raibh an dara rogha againn ach Pádraig a thabhairt go dtí an Ghearmáin – cinneadh é a brúdh orainn. Ní fhéadfadh muid cur suas leis an smaoineamh go mbeadh ar Phádraig míonna a chaitheamh in ionad géarchúraim in Beaumont, áit a bhfaca muid othair óga cosúil leis á ngortú agus ag tolgadh baictéir fhrithsheasmhacha, áit ar séanadh cúram cuí orthu.
Ní chuirfidh na nithe seo ionadh rómhór ort tar éis don Aire Ó Raghailligh, ag Ard-Fheis do pháirtí inné, cur síos a dhéanamh ar chóras sláinte na hÉireann, córas a bhfuil tú féin, sé féin, agus do rialtas freagrach as, agus “an córas sláinte briste seo” á thabhairt aige air.
Dúirt tú féín ag an Ard-Fheis go raibh tú ag súil le foilsiú an Pháipéir Bháin ar Árachas Sláinte Uilíoch (UHI), páipéar a leagfaidh amach conas a leagfar na constaicí atá ann idir an t-othar agus an tseirbhís sláinte. “Mar sin, mar nuacht, nuair a chuirtear i bhfeidhm í, beidh córas nua sláinte réidh agus ag feitheamh má ta sí ag teastáil uaitse nó ó do mhuintir.”
Mar thuismitheoirí páiste atá i gcóma, nó mar ba chirte a rá, páiste atá íos-chomhfhiosach, is féidir linn a insint duit, nach amháin gur theip “an córas sláinte briste” ar ár mac ach go bhfuil sé tar éis ár dteaghlach a stróiceadh óna chéile. Bhrúigh an córas seo Pádraig amach as an tír is ansa leis, as an áit ina bhfuil a chairde, agus as an áit ina bhfuil an teanga is an cultúr a bhfuil a chroí istigh iontu. Faoi do rialtas, foilsíodh An Polasaí agus An Straitéis Náisiúnta um Soláthar Seirbhísí Néar-Athshlánaithe in Éirinn 2011-2015. Níl rian foráis ann agus cuireann sé díoma ar an té a léann é. In ainneoin na mblianta fada gan aon infheistiú, an plean atá ann ná gan ach athruithe “costas-neodracha” a chur i bhfeidhm thar thréimhse ceithre bliana.
Is eol do chách go bhfuil easnaimh scannalacha i gcúram néar-athshlánaithe na hÉireann, agus tá cur síos déanta ag saineolaithe sa ghort air mar “mí-eiticiúil” agus “déistíneach”. Le cúig bliana déag anuas, tá aird tarraingthe ag an Ollamh Orla Hardiman, ag an Dochtúir Aine Carroll agus ag an Neurological Alliance of Ireland ar liostaí fada feithimh agus ar an gcaoi nach bhfuil ach seachtar comhairleach athshlánaithe againn nuair atá sé cinn is fiche ag teastáil. Tá na saineolaithe ar aon tuairim go gcaithfear cóir leighis a chur ar othair láithreach agus ar bhun riachtanais indibhidiúla. Do na céadta othar, agus b’fhéidir do na mílte acu – níl staitisticí ar fail – níl ann don chóir leighis seo, áfach.
Níl comhartha ar bith go ndéanfaidh do phleananna reatha, an Páipéar Bán ar Árachas Sláinte Uilíoch nó an páipéar Polasaí Náisiúnta ar néar-athshlanú, níl comhartha go ndéanfaidh siad rud ar bith chun an córas sláinte briste seo a dheisiú do dhaoine óga leochaileacha na tíre seo, daoine óga a bhfuil tinnis thromchúiseacha orthu, agus a bhfuil sé de dhualgas oraibhse aire a thabhairt dóibh. Ní féidir do ráiteas a chreidiúnt go mbeidh “seirbhís nua sláinte réidh agus ag feitheamh má tá sí ag teastáil uaitse nó ó do mhuintir”. Ní raibh an tseirbhís seo ann do Phádraig agus ní raibh sí ann don iliomad othar eile cosúil leis. (Tá roinnt de na cásanna seo bailithe le chéile againn ar shuíomh gréasáin.)
Thuairiscigh an Tionól Bunreachtúil ar an 23 Feabhra 2014 gur vótáil sé le linn a naoú cruinniú, a chruinniú deireanach, chun cosaint bhunreachtúil níos fearr a thabhairt do chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha (ESC), ina measc an ceart chun Cúram Sláinte Riachtanach a fháil.
Conas is féidir leatsa, go pearsanta agus mar Thaoiseach – agus, leoga, mar thuismitheoir tú féin – conas is féidir le d’Aire Sláinte, conas is féidir le do rialtas, ligint don ghéarchéim seo leanstan ar aghaidh? Géarchéim ina bhfuil cearta riachtanacha chun cúraimí sláinte á séanadh ar chuid de na daoine óga is mó atá i mbaol sa tír seo.
Conas is féidir leat ligint don ghéarchéim seo leanstan ar aghaidh, agus iachall ar thuismitheoirí, ar theaghlaigh agus ar chairde, atá tar éis tráma tromchúiseach a fhulaingt, dul amach ag tiomsú airgid chun iarracht a dhéanamh íoc as cóir leighis riachtanach atá á shéanadh orthu ag “an gcóras sláinte briste seo” atá faoi chúram do rialtais?
Cathain a chuirfidh tú i bhfeidhm na seirbhísí néar-athshlánaithe atá ag teastáil go géar ónár mic agus ónár n-iníonacha?
Muidne le meas,
Patricia O’Byrne agus Reinhard Schäler
78 Bóthar Í
Baile Átha Cliath 9
Guthán póca: 087-6736414